Forbhreathnú: roghanna oideachais agus oiliúna

Má tá tú ar tí do phost a chailleadh nó má tá tú dífhostaithe, d'fhéadfá breathnaigh ar filleadh ar oideachas nó ar oiliúint. Is féidir leanúint le do chuid oideachais nó páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna chun do chuid scileanna a fhorbairt, laistigh de chóras na scoile agus na gcoláistí nó lasmuigh de.

Qualifax

Tugann Qualifax eolas cuimsitheach ar bhreis oideachais agus ardoideachais agus ar chúrsaí oiliúna. Ina measc tá cineálacha éagsúla de chúrsaí a bhfuil cáilíochtaí mar thoradh ar roinnt acu cé nach bhfuil cáilíochta ag roinnt eile. Cuimsíonn an bunachar sonraí faisnéis d'fhoghlaimeoirí fásta agus aitheantas do réamhfhoghlaim a bhfuil naisc orthu le láithreáin ghréasáin choláistí agus oideachais/oiliúna eile.

Oiliúint agus cúrsaí oideachais do dhaoine dífhostaithe

Cuirfidh an Clár Ardoideachais Springboard 6,000 áiteanna ardoideachais do dhaoine dífhostaithe I 2011. Beidh na háiteanna ar raon cúrsaí páirtaimseartha ó Leibhéal 6 go Leibhéal 9 ar an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá sé mar aidhm ag an gclár áiteanna a chur ar fáil do dhaoine a d'oibrigh san earnáil tógála, déantúsaíochta agus earnála eile den gheilleagar gur dócha nach dtiocfaidh ar ais go leibhéil réamh-mheathlú. Tosófar na cúrsaí i bhfómhair 2011.

Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar Springboard agus an Ciste Ghníomhachtú Mhargadh Saothair 2010 inár ndoiciméad ar áiteanna tríú leibhéal do dhaoine dífhostaithe.

Maoiniú

Tá roinnt foinsí oideachais ar fáil. Áirítear deontais, liúntais oiliúna FÁS agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Is féidir leis an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas tacú le daoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh rochtain a bheith acu ar oideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal.

Ceadaíonn an Rogha Oideachais Páirtaimseartha thú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa lae páirtaimseartha nó tráthnóna a chuirfidh feabhas ar do sheans post a fháil.

Ceadaíonn an Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha thú d’íocaíocht cuardaitheora poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa nach bhfuil clúdaithe ag an ngnáth Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, cosúil le cúrsa forbartha pearsanta

Oideachas

Ní gá duit cáilíochtaí foirmiúla a bheith agat chun páirt a ghlacadh in an-chuid de na cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil sna hearnálacha oideachais aosaigh agus oideachais phobail. Is féidir le cúrsaí oideachais aosaigh breis oideachas nó oideachas tríú leibhéal nó oideachas agus oiliúint leanúnach a chuimsiú. Áirítear an raon de chúrsaí ar fáil cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha araon. Tagraíonn oideachas pobail d’oideachas agus d’fhoghlaim aosach, taobh amuigh d'earnáil an oideachais fhoirmiúil go ginearálta. Cuireann sé foghlaim phearsantaithe agus solúbthacht chun cinn laistigh den ghrúpa foghlama.

Tá roinnt foinsí eolais maidir le filleadh ar oideachas agus is féidir tuilleadh eolais a thabhairt duit ar na cúrsaí a d'fhéadfadh a bheith ar fáil duit.

Oiliúint

Tugann na coistí ghairmoideachais (CGO), FÁS agus gníomhaireachtaí eile maoiniú do roinnt cláir oideachas agus oiliúna leanúnacha.

Eagraíonn CGO oideachas dara-leibhéal, oideachas do dhaoine fásta, oideachas pobail agus oideachas athdheise. Is féidir leat teagmháil adhéanamh le do Choiste Gairmoideachais áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí. Oibríonn siad an Scéim na nDeiseanna Oiliúna agus Gairmoideachais (SDOG) freisin a chuireann réimse cúrsaí ar fáil chun freastal ar na riachtanais oideachais agus oiliúna atá ag daoine dífhostaithe.

FÁS

Má tá tú dífhostaithe, tá roinnt clár oilíúna ag FÁS chun cabhrú leat.

Tugann cúrsaí oiliúna FÁS deis duit do chuid scileanna a fhorbairt nó a uasghrádú sna hearnálacha tráchtála agus tionsclaíocha má tá tú dífhostaithe nó iomarcach. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar líne le haghaidh cúrsaí oiliúna FÁS ar láithreán gréasáin FÁS.

Cuireann cúrsaí oiliúna FÁS meascán d'oiliúint ar an láthair le fostóir chomh maith le hoiliúint lasmuigh den láthair oibre san Ionad Oiliúna de chuid FÁS duit. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa FÁS má tá tú ag cuardach poist don chéad uair nó má tá tú dífhostaithe.

Soláthraíonn tionscnaimh oiliúna áitiúla taithí oibre agus oiliúint lánaimseartha atá á reáchtáil ag grúpaí pobail áitiúla.

Is eagraíochtaí neamhspléach pobal-bhunaithe iad na hIonaid Oiliúna Pobail maoinithe ag FÁS. Tugann siad aire do na riachtanais oiliúna agus fostaíochta atá ag daoine atá tar éis an scoil a fhágáil go luath, go príomha idir 16 agus 21 bliain.

Má tá tú idir 15 agus 20 bliana d’aois agus má tá tú tar éis an scoil a fhágáil gan cháilíochtaí foirmiúla ar bith, tugann an clár Youthreach deiseanna duit oideachas bunúsach, forbairt phearsanta, gairmoiliúint agus taithí oibre a fháil.

Gníomhaireachtaí eile

Tugann gníomhaireachtaí cosúil le Fáilte Ireland, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Teagasc, Coillte agus Comhairle Ceardaíochta na hÉireann raon cúrsaí speisialta duit ina gcuid réimsí oibre féin. Soláthraíonn eagraíochtaí eile cosúil le hIonaid do Dhaoine Dífhostaithe, le hIonad Acmhainní Teaghlaigh agus le Cuideachtaí Forbartha Áitiúla oiliúint freisin.

Cuireann líonraí Skillnets roinnt oiliúint ar fáil do dhaoine dífhostaithe incháilithe. Má tá tú dífhostaithe ní íocfaidh tú as an oiliúint seo agus ní bheidh tionchar ag rannpháirtíocht ar do shochair leasa shóisialaigh. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna ar láithreán gréasáin Skillnets.

Cuireann socrúcháin oibre FÁS taithí oibre ar fáil, agus d'fhéadfá a bheith in ann d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád.

Tá an JobBridge, Scéim Intéirneachta Náisiúnta, a dtosóidh ar 1 Iúil 2011, dírithe ar dhaoine dífhostaithe ag fáil íocaíochta cuardaitheora poist nó ag síniú i gcomhair creidmheasanna ar feadh 3 mhí ar a laghad. D’fhéadfaí tairiscint intéirneachta idir 6 agus 9 mí le hósteagraíochtaí a thabhairt de na rannpháirtithe. Is féidir leis na ósteagraíochtaí bheith san earnáil phoiblí nó príobháideach nó san earnáil pobail agus deonach. Coinneoidh rannpháirtithe a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 de bhreis sa tseachtain.

Tá an clár Fostaíochta Pobail (FP) deartha chun cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, i measc daoine eile, chun filleadh ar obair trí shocrúcháin poist bunaithe i bpobail áitiúla a thairiscint ar bhonn páirtaimseartha agus sealadach. Tá líon teoranta folúntas Fostaíochta Pobail ar fáil. Tá coinníollacha ann freisin, a bhaineann le cúrsaí aoise agus an cineál íocaíochta leasa shóisialaigh atá á fháil agat.

Is é an tionscnamh Tús scéim socrúcháin oibre pobail a soláthraíonn deiseanna oibre gearrthéarmach do dhaoine dífhostaithe. Beidh na deiseanna oibre ar mhaithe leis an phobal agus beidh siad soláthartha ag eagraíochtaí phobail agus deonacha i limistéir uirbeacha agus tuaithe. Tá an tionscnamh Tús riartha ag cuideachtaí forbartha áitiúla agus Údarás na Gaeltachta ó thaobh na Roinne Coimirce Sóisialaí atá freagracht iomlán don scéim aici

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6/7/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh