Foinsí eolais maidir le filleadh ar oideachas

Eolas

D'fhéadfadh spéis a bheith ag go leor daoine lena n-áirítear luathfhágálaithe scoile, daoine dífhostaithe, agus iad siúd atá á n-athoiliúint le haghaidh post nua filleadh ar oideachas ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha.

Is iad na príomhsholáthraithe d'oideachas aosach in Éirinn ná na coistí gairmoideachais (VEC), trí na scoileanna agus na coláistí áitiúla. Cuireann coláistí tríú leibhéal raon leathan cúrsaí ar fáil chomh maith. Tairgeann grúpaí oideachais pobail ar fud na hÉireann cúrsaí éagsúla, a dhéanann freastal ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal.

Má táthar díreach tar éis do phá nó uaireanta oibre a laghdú, nó má rinneadh iomarcach thú, is féidir do leabharlann phoiblí áitiúil a úsáid chun cúrsaí i do cheantar a fhaigh amach. Cuireann leabharlanna poiblí ar fáil rochtain saor in aisce ar ríomhairí, chomh maith le leabhair agus irisleabhair faoi réimse leathan ábhar. Má tá suim agat filleadh ar oideachas, tá roinnt eagraíochtaí agus acmhainní ann áit ar féidir leat eolas a fháil faoi na cúrsaí atá ar fáil duit.

AONTAS

Cuireann AONTAS (an Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach) an tábhacht agus an luach atá le córas cuimsitheach foghlama aosaigh agus oideachais a bheadh inrochtana agus uileghabhálach chun cinn. Tá sé dírithe ar thionchar a imirt ar fhorbairt beartais i réimsí an oideachais aosaigh agus na foghlama ar feadh an tsaoil. Feidhmíonn AONTAS seirbhís tarchurtha faisnéise a bhfuil sé mar aidhm léi teagmháil thosaigh an fhoghlaimeora aosaigh le hoideachas a éascú chomh fada agus is féidir, trí fhaisnéis bhunúsach a chur ar fáil maidir le hoideachas aosach. Pléann an tseirbhís le ceisteanna chomh maith mar infhaighteacht agus maoiniú cúrsaí, agus sonraí maidir le cianfhoghlaim.

Qualifax

Is é Qualifax bunachar sonraí náisiúnta na hÉireann maidir le cúrsaí tríú leibhéal agus breisoideachais. Ina measc tá naisc le láithreáin ghréasáin coláistí agus oideachais/oiliúna eile in Éirinn agus thar lear. San áireamh leis tá faisnéis ar roinnt slite beatha chun cúnamh a thabhairt do mhic léinn dara leibhéal roghanna a dhéanamh chomh maith le raon faisnéise úsáidí eile do mhic léinn is cuma cén aois iad.

An Clár um Fhilleadh ar Oideachas

Spreagann an Clár um Fhilleadh ar Oideachas de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí daoine filleadh ar oideachas. Cuirtear an clár ar fáil trí Ógtheagmháil, SDOG, cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus grúpaí oideachais pobail éagsúla. Tá sé dírithe go príomha ar dhaoine óga agus ar dhaoine fásta a bhfuil a n-oideachas níos ísle ná leibhéal an oideachais dara leibhéal uachtaraigh. Tugann an clár deis do dhaoine dífhostaithe, tuismitheoirí aonair nó daoine a bhfuil míchumais ag dul dóibh filleadh ar oideachas lánaimseartha nó páirtaimseartha agus tacaíocht ioncaim á fáil acu i gcónaí mar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Ina measc tá roghanna staidéir ar nós cúrsaí teastais dara leibhéal, cúrsaí oideachais tríú leibhéal, cúrsaí oideachais, oiliúna agus forbartha agus cúrsaí oideachais páirtaimseartha.

Má tá tú dífhostaithe, ceadaíonn Rogha Oideachais Páirtaimseartha duit do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa páirtaimseartha lae/tráthnóna sa dóigh go mbeidh seans níos fearr agat le post a fháil. Tá tú ceadaithe faoin Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus bheith ag freastal ar chúrsa nach bhfuil clúdaithe ag gnáth Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas.

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

Tá an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) mar chuid den Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas a bhunaigh an Rialtas. Is comhfhiontar é idir An Roinn Oideachais agus Scileanna agus An Roinn Coimirce Sóisialaí agus feidhmítear é trí na Coistí Gairmoideachais. Tá sé oiriúnach go háirithe do dhaoine atá imithe ón scoil le tamall fada agus is féidir leas a bhaint as chun a leithéid agus na cáilíochtaí seo a leanas a bhaint amach; An Teastas Sóisearach, An Ardteistiméireacht agus teastais ó Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE)). Tá sé d'aidhm ag an SDOG deiseanna oideachais agus oiliúna a thabhairt do dhaoine dífhostaithe a thabharfaidh cúnamh dóibh post a aimsiú, agus daoine a ullmhú chun dul i mbun fostaíochta íoctha nó chun rochtain a fháil ar dheiseanna oideachais breise as a dtiocfaidh fostaíocht íoctha.

An Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh

Is eagraíocht dheonach í an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA) a dhéanann oiliúint a chomhordú agus a eagrú agus a dhéanann beartas a fhorbairt maidir le litearthacht d'aosaigh agus obair a bhaineann le hoideachas bunúsach d'aosaigh in Éirinn. Is éard is aidhm léi ná cinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu ar dheiseanna foghlama ardcháilíochta. Cuireann tionscadail raidió agus teilifíse i Litearthacht trí na Meáin de chuid NALA ar chumas daoine éisteacht le ranganna litearthachta ina gcuid tithe féin. I measc ghníomhaíochtaí sheirbhís litearthachta NALA tugtar oiliúint do mhic léinn litearthachta aosaigh oibriú mar oibreoirí for-rochtana litearthachta sa phobal.

FÁS

Is é FÁS an tÚdarás Náisiúnta Fostaíochta agus Oiliúna. Feidhmíonn sé scéimeanna oideachais agus oiliúna a thugann deis do dhaoine a gcuid scileanna a fhorbairt nó a uasghrádú sna hearnálacha tráchtála agus tionsclaíocha má tá siad dífhostaithe nó a bpost caillte acu de bharr iomarcaíochta. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar-líne le haghaidh cúrsaí oiliúna FÁS ar láithreán gréasáin FÁS. I measc scéimeanna oiliúna FÁS tá:

  • Cúrsaí oiliúna i réimsí mar riaradh gnó, cúram leanaí, ríomhairí, tiomáint, innealtóireacht, gruagaireacht, agus forbairt bogearraí. Má tá tú dífhostaithe, iomarcach nó réidh le hoideachas lánaimseartha, tá tú incháilithe chun páirt a ghlacadh ar chúrsa FÁS.
  • Cláir oiliúna a thairgeann meascán d'oiliúint ar an láthair in éineacht le fostóir agus oiliúint seachtarphoist in Ionad Oiliúna de chuid FÁS. Tá na cláir seo dírithe ar chuardaitheoirí poist den chéad iarracht nó ar dhaoine dífhostaithe.
  • Is eagraíochtaí neamhspleácha atá pobal-bhunaithe iad Ionaid Oiliúna Pobail atá á mhaoiniú ag FÁS chun tabhairt faoi riachtanais oiliúna agus fostaíochta luathfhágálaithe scoile. Is hiondúil gur daoine óga idir 16 agus 21 bliana d'aois na rannpháirtithe ag na hionaid seo, a d'fhág an scoil gan scrúduithe foirmiúla a bheith déanta acu agus a bhfuil sé deacair acu post a aimsiú; agus atá lainneach cáilíocht a bhaint amach.

Oiliúint scileanna le gníomhaireachtaí Stáit

Tairgeann gníomhaireachtaí Stáit ar nós Fáilte Éireann (an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta), Bord Iascaigh Mhara agus Teagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) raon cúrsaí speisialaithe ina n-earnáil thráchtála nó thionsclaíoch áirithe féin. Baineann cuid de na cúrsaí oiliúna seo leis an tríú leibhéal agus bíonn ort cáilíochtaí foirmiúla a bheith agat agus iarratas a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála de réir mar a dhéanfá i gcás cúrsa tríú leibhéal ar bith eile.

An Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas

Is gníomhaireacht é an Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas (NCGE) de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Is é an príomhról atá aige ná tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil treoir á cur ar fáil acu i ngach réimse oideachais ar nós scoileanna, coláistí agus oideachas aosach. Tá sé freagrach as an Tionscnamh um Threoir san Oideachas Aosach atá comhdhéanta as 38 treoirthionscadal. Cuireann gach tionscadal gairmthreoir, treoir phearsanta agus oideachais ar fáil do rannpháirtithe i gcláir SDOG, oideachais aosaigh agus pobail. I gcoitinne, ní treoirsheirbhís é an NCGE do dhaoine aonair ach cuireann sé comhairle agus faisnéis ar fáil do dhaoine a bhfuil fonn orthu staidéar a dhéanamh nó oiliúint a fháil i dtír AE eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi oideachas aosach, ba chóir duit dul i dteagmháil le do Choiste Gairmoideachais áitiúil, nó seiceáil leis na foinsí faisnéise áitiúla ar nós leabharlannaí poiblí, Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh, scoileanna agus coláistí.

Chun eolas a fháil faoi na scéimeanna um fhilleadh ar oideachas ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Ba chóir duit dul i dteagmháil go díreach leis an ngíomhaireacht le haghaidh faisnéise faoin oiliúint scileanna atá á thairiscint ag na gníomhaireachtaí Stáit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

AONTAS

Line 1:
Urlár 2
Line 2:
83-87 An tSráid Mhór
Line 3:
Raghnallach
County:
Baile Átha Cliath 6
Country:
ÉIRE
Teil:
(01) 406 8220/1
Fax:
(01) 406 8227
Láithreán Gréasáin:
www.aontas.com
R-phost:
mail@aontas.com
Wheelchair Access:

An Áisínteacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh

Line 1:
Ióiste Sandford
Line 2:
Clós Sandford
Line 3:
Raghnallach
County:
Baile Átha Cliath 6
Country:
ÉIRE
Teil:
(01) 412 7900
Fax:
(01) 497 6038
Láithreán Gréasáin:
http://www.nala.ie
R-phost:
literacy@nala.ie

FÁS

Line 1:
Bosca Poist 456
Line 2:
27-33 Sráid Bhagóid Uacht
County:
Baile Átha Cliath 4
Country:
ÉIRE
Teil:
(01) 6070500
Fax:
(01) 6070600
Láithreán Gréasáin:
http://www.fas.ie
R-phost:
info@fas.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15/11/2012

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 8in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh