Áiteanna tríú leibhéal do dhaoine dífhostaithe

Eolas

Má tá tú dífhostaithe, d'fhéadfadh sé go bhfuil tú ag iarraidh leanúint ar aghaidh le d’oideachas nó páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála chun do scileanna a fhorbairt agus cur le do dheiseanna filleadh ag an obair. Tá go leor bealaí inar féidir leat filleadh ar an oideachas agus coinníonn tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó athraíonn tú do Liúntas um Filleadh ar an Oideachas.

Forbraíodh cúpla scéim chun oideachas tríú-leibhéil a sholáthar do dhaoine atá dífhostaithe.

  • Sa bhliain 2011, soláthraíonn tionscnaimh ar a nglaoitear Lingchlár 6,000 áit ardoideachais pháirt-aimseartha. Athraíodh rialacha na scéime i Meán Fomhair 2011 - féach 'Cé atá cáilithe' thíos.
  • Thar na blianta imithe tharainn: d’ofráil an Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair 11,500 áit oiliúna agus oideachas sa bhliain 2010 agus d’ofráil an Tionscnamh um Filleadh ar an Oideachas do Chuardaitheoirí Poist 2,500 áit pháirt-aimseartha sa choláiste sa bhliain 2009

Lingchlár – 2011

Seoladh an Clár Lingchláir Ardoideachais i mBealtaine 2011. Soláthraíonn sé 6,000 áit ardoideachais do dhaoine atá dífhostaithe - féach critéir cáilitheachta mionsonraithe i "Cé atá cáilithe?" thíos. Tá na háiteanna ar réimse leathan cúrsaí páirt-aimseartha ó leibhéil theastais do chéim mháistreachta – Leibhéil 6 – 9 ar an gCreatlach Náisiúnta um Cháilíochtaí.

Tá an clár dírithe ar dhaoine a bhí fostaithe cheana san earnáil tógála, déantóireachta nó earnálacha eile den eacnamaíocht nach bhfuil chun filleadh ar leibhéil réamh-chúlú.

Tá sonraí maidir leis an réimse cúrsaí ar fáil agus cé atá cáilithe ar bluebrick.ie. Tá cúrsaí grúpáilte in ábhair leathana.

Tá cúrsaí ar fáil i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC); an eacnamaíocht ghlas; seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus cáilíochtaí do na hearnálacha bith-cógas-cógascheimice agus gléasanna liachta. Tá cúrsaí ann freisin atá dírithe ar ghnó nuálach agus ar fhiontraíocht

Tosaíonn an chuid is mó de na cúrsaí i bhFómhair na bliana 2011, ach tosaíonn cuid acu níos luaithe.

Cé atá cáilithe?

Chun a bheith cáilithe do Lingchlár, ní mór duit:

*Ón 2 Meán Fomhair 2011 amach, ní gá an coinníoll seo a chomhlíonadh.

agus

  • Stair fostaíochta a bheith agat

agus

  • A bheith ag cuardach oibre go gníomhach agus ar fáil chun dul ar ais chuig an obair

Má tá tú ag obair go gearr-théarmach agus ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist, meastar go bhfuil tú dífhostaithe le haghaidh Lingchláir.

Liúntais cháilitheacha bhreise

Sular tarscaoileadh an riail faoi bheith dífhostaithe ar feadh 6 mhí, thógtaí aon am a chaith tú ar aon cheann de na liúntais cháilitheacha seo leanas san áireamh agus an 6 mhí de dhífhostaíocht á ríomh:

Mar sin, má tá tú ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist ar feadh míosa ar dháta tosaigh an chúrsa, ach más rud é go raibh tú ag fáil ceann de na liúntais cháilitheacha seo ar feadh 5 mhí díreach roimhe sin, bhí tú i dteideal cur isteach ar áit Lingchláir faoi na rialacha a bhí bhfeidhm roimh an 2 Meán Fomhair 2011 - féach "Conas iarratas a dhéanamh" thíos.

Tá tuilleadh eolais ar fáil i gCeisteanna Coitianta cruinn.

Scéimeanna sna blianta imithe tharainn

Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2010

Sholáthair An Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2011 11,500 áit oiliúna agus oideachais ar an iomlán do chuardaitheoirí poist, ó Leibhéal 3 go Leibhéal 8 ar an gCreatlach Náisiúnta um Cháilíochtaí.

Tá na háiteanna do dhaoine nach bhfuil chomh cáilithe le daoine eile go príomha, a d’oibrigh san earnáil tógála, miondíola agus déantóireachta, atá faoi 35 bliain nó atá dífhostaithe go fadtéarmach. Tá an Ciste bainistithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá na cúrsaí rite ag VECanna, Institiúidí Teicneolaíochta agus eagraíochtaí eile a chur isteach, go rathúil, ar mhaoiniú. Is féidir leat féachaint ar na cúrsaí ar qualifax.ie.

Conas le bheith cáilithe

Chun a bheith cáilithe le haghaidh áite faoin gCiste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2010, ní mór go mbeadh tú tar éis a bheith ag fáil íocaíocht dífhostaíochta le haghaidh trí mhí ar a laghad sula dtosaíonn tú ar an gcúrsa. Tá am caite ar chláir oiliúna nó oideachais mar chuid den tréimhse trí mhí seo. Seans go mbeidh riachtanais íosta ag soláthraithe cúrsaí.

Agus tú ag freastal ar chúrsa oiliúna faoin scéim seo, seans go mbeidh tú i dteideal d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil don tréimhse atá tú ina theideal de ghnáth.

Má fhreastalaíonn tú ar chúrsa oideachais, seans go mbeidh tú i dteideal liúntas um Filleadh ar Oideachas.

Tionscnamh Fhilleadh ar an gColáiste do Chuardaitheoirí Poist

Sholáthar an tionscnamh 2,500 áit tríú-leibhéil páirt-aimseartha do chuardaitheoirí poist do chúrsaí ag tosú i mí Mheán Fómhair 2009.

Tá an scéim seo dúnta anois agus ní féidir cur isteach ar níos mó, ach is féidir le mic léinn atá ar na cúrsaí faoi láthair iad a chríochnú.

Bhí an scéim eagraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Post, Fiontraíochta agus Nuálaíochta agus an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEC).

Bhí daoine a bhí ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh 6 mhí ar a laghad ar an 1 Meán Fómhair 2009 i dteideal na gcúrsaí seo. Bhí daoine a bhfuair iomarcaíocht reachtúil agus a bhí i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh ábhartha i dteideal freisin.

Faoin Rogha Páirt-aimseartha den Chlár um Filleadh ar Oideachas tá tú i dteideal d’íocaíocht cuardaitheora poist a choinneáil agus tú ar an gcúrsa. Má tá tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist (JB) gheobhaidh tú do ghnáthfhad do theidlíochta, 9 nó 12 mí. Nuair a thagann deireadh le do JB ba cheart duit a sheiceáil má tá tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist.

Más rud é gur ghlac tú le áit tríú-leibhéil faoin scéim seo ní mór duit leanúint ar aghaidh de bheith ar fáil do agus ag cuardach oibre. Má fhaigheann tú tairiscint obair lán-aimseartha ní mór duit glacadh leis an tairiscint seo. Má fhaigheann tú tairiscint poist sula dtagann deireadh le do chúrsa ní bheidh ort na táillí a íoc don bhliain sin.

Maireann na cúrsaí idir 1 agus 4 bliana. Ar an ábhar gur cúrsaí páirt-aimseartha iad seo níl tú i dteideal an deontas cothabhála oideachais tríú-leibhéil nó an Liúntas um Filleadh ar Oideachas.

Rátaí

Níl ar rannpháirtithe ar chúrsa Lingchláir aon táillí nó costais a íoc agus iad dífhostaithe.

Níl aon táille ar chúrsaí faoin gCiste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair.

Níl aon táillí teagaisc do na cúrsaí faoin Tionscnamh Fhilleadh ar an gColáiste agus níl ort an táille cláraithe a íoc. Seans go mbeidh ar iarchéimithe táille ainmniúil a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar Lingchlár, roghnaíonn tú an cúrsa/na cúrsaí a bhfuil spéis agat iontu ar bluebrick.ie agus roghnaigh an rogha ‘déan iarratas anois’. Iarrfar ort foirm UP51b a chomhlánú agus é a fháil stampáilte ag d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.

Má tá tú ag iarraidh go mbeidh am caite ar liúntas cáilitheach curtha san áireamh mar chuid de do thréimhse 6 mhí de dhífhostaíocht*, ba cheart duit an fhoirm dheimhnithe SB611 a chomhlánú. Ní gá go mbeadh an fhoirm seo stampáilte ag an Roinn Coimirce Sóisialaí nó aon eagraíocht eile.

*Mar a dúradh thuas, tarscaoileadh an riail faoi bheith dífhostaithe ar feadh 6 mhí

Seol an fhoirm UP51b chomhlánaithe (agus an foirm SB611 más ann dó) chuig do sholáthraí chúrsa Lingchláir.

Tá sonraí teagmhála agus iarratais do na cúrsaí faoin gCiste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair 2010 foilsithe ar qualifax.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 06/09/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh