Tús – tionscnamh socrúcháin oibre phobail
Eolas
Is tionscnamh socrúcháin oibre sa phobal é Tús a sholáthraíonn deiseanna oibre gearrthéarmacha do dhaoine dífhostaithe. Tá sé i gceist ag na deiseanna oibre ann chun an pobal a thairbhiú agus tá siad le bheith soláthraithe ag eagraíochtaí pobail agus deonacha i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon. Tá an tionscnamh Tús á bhainistiú ag comhlachtaí forbartha áitiúla agus Údarás na Gaeltachta don Roinn Coimirce Sóisialaí, a bhfuil freagracht fhoriomlán ar an scéim.
Beidh 5,000 áit ar fáil ar an scéim Tús le linn 2011. Beidh daoine dífhostaithe atá i dteideal páirt a ghlacadh sa scéim á roghnú agus déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil leo – féach 'próiseas roghnúcháin' thíos.
Cineál tionscadail
Ní mór don obair go léir a dhéanann na rannpháirtithe ar an scéim Tús an pobal a thairbhiú.
I measc na gcineálacha tionscadal incháilithe don scéim tá:
- Obair chaomhnú fuinnimh i dtithe agus i bhfoirgnimh pobail
- Cúram sóisialta ar gach aois ghrúpa agus ar dhaoine faoi mhíchumas
- Airíochas, daingniú, maoirseacht a dhéanamh ar fhoirgnimh agus spásanna pobail
- Athchóiriú ar áiseanna pobail agus spóirt, lena n-áirítear athnuachan agus feabhsú spásanna pobail, spóirt agus sportaíochta
- Obair mar thaca le gníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta
- Riarachán pobail agus bainistíocht imeachtaí pobail
- Oiliúint le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt
- Deisiú trealaimh don Tríú Domhan - mar shampla, uirlisí feirme, rothair, ríomhairí, innill fuála, trealamh sláinte
Leithdháileadh na n-áiteanna
Leithdháilfear 5,000 áit ar an scéim d’eagraíochtaí pobail agus deonacha a bhfuil baint acu le seachadadh seirbhísí áitiúla i gceantair uirbeacha agus tuaithe - féach 'eagraíochtaí pobail agus deonacha' thíos. Beidh an leithdháileadh bunaithe ar líon na ndaoine dífhostaithe incháilithe i ngach comhlacht forbartha áitiúla nó i gceantar Údarás na Gaeltachta.
Rannpháirtithe
Chun a bheith incháilithe páirt a ghlacadh sa scéim Tús ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- A bheith dífhostaithe go leanúnach ar feadh ar a laghad 12 mhí agus "ag síniú" ar bhonn lán-aimseartha; agus
- A bheith ag fáil íocaíochta cuardaitheora poist (Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist) ón Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh 12 mhí ar a laghad; agus
- A bheith ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist.
Próiseas roghnúcháin
Déanfar daoine dífhostaithe a bhfuil incháilithe don scéim a shainaithint agus déanfaidh a n-oifig leasa shóisialaigh áitiúil teagmháil leo áitiúil agus cuirfear an deis ar fáil dóibh a bheith páirteach sa scéim.
Má aontaíonn siad páirt a ghlacadh sa scéim Tús iarchuirfear chuig a gcomhlacht forbartha áitiúla iad nó chuig Údarás na Gaeltachta, áit ina mbeidh siad earcaithe le haghaidh socrúchán oibre cuí nuair a bheidh sé ar fáil. Is féidir leat tuilleadh a léamh maidir leis an bpróiseas roghnúcháin ar welfare.ie.
Toisc nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar an scéim, ní dhéanfar teagmháil le gach duine dífhostaithe incháilithe.
Obair eile
Is féidir le rannpháirtithe ar an scéim Tús fostaíocht eile a ghlacadh ar choinníoll nach gcuireann sé isteach ar obair agus amanna an socrúcháin oibre Tús. Má chuirtear obair nó oiliúint eile ar fáil do rannpháirtithe d'fhéadfadh siad deireadh a chur lena gconradh socrúcháin oibre más mian leo.
Diúltú socrúcháin oibre
Faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhostaíocht tá ar dhuine atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist glacadh le deiseanna oibre, mar shampla tairiscint socrúcháin oibre Tús. Má dhiúltaíonn siad le deis oibre gan chúis mhaith, d'fhéadfadh a n-íocaíocht leasa shóisialaigh a laghdú nó a fhoirceannadh. Más rud é, tar éis diúltú socrúcháin, go ndéantar íocaíocht duine a laghdú nó a fhoirceannadh d'fhéadfadh siad iarraidh ar achomharc an chinnidh sin chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh laistigh de 21 lá.
Coinníollacha oibre
Beidh na rannpháirtithe ag obair ar feadh 19 uair an chloig go leith in aghaidh na seachtaine agus maireann an socrúchán oibre ar feadh 12 mhí. Gheobhaidh siad an tsaoire bhliantúil reachtúil céanna agus teidlíocht saoire poiblí mar aon le fostaithe eile.
Nuair a chríochnaíonn an socrúchán, ba chóir dóibh síniú lena n-oifig leasa shóisialaigh áitiúil arís. Ní féidir leo páirt a ghlacadh sa scéim Tús arís ar feadh trí bliana.
Pá
Is í an íocaíocht ráta iomlán an Liúntais Cuardaitheora Poist móide €20 in aghaidh na seachtaine. Íocfar na rannpháirtithe faoi 25 bliana d’aois an ráta is airde den Liúntas Cuardaitheora Poist móide €20. Coimeádfaidh siad gach sochar tánaisteach agus an cárta leighis ar choinníoll go bhfuil siad fós incáilithe.
| Ráta Pearsanta | €208 |
| Méadú do dhuine fásta cáilithe | €124.80 uasmhéid* |
| Méadú i leith linbh cháilithe: ráta iomlán | €29.80 |
| Méadú i leith linbh cháilithe: leath-ráta | €14.90 |
*Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí méid an Mhéadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) a mheasúnú. Ciallaíonn sé seo gur féidir an ráta MDFC a laghdú má tá ioncam ag an duine fásta cáilithe, mar shampla, ó fhostaíocht pháirtaimseartha.
Íocfar an Méadú iomlán do Leanbh Cáilithe (MLC) go rannpháirtí más rud é go bhfuil siad i dteideal MDFC nó má tá siad ag tuistiú ina n-aonar. Más rud é nach bhfuil siad incháilithe do MDFC, d’fhéadfadh siad MLC leath-ráta a fháil.
Cáin agus ÁSPC
Tá an íocaíocht Tús inchánaithe ach braitheann an méid iníoctha ar chúinsí aonair. Íocfar ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A do gach rannpháirtí.
Tá rannpháirtithe ar an scéim Tús díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch.
Eagraíochtaí pobail agus deonacha
Beartaíonn agus soláthraíonn eagraíochtaí pobail agus deonacha na socrúcháin oibre. Caithfidh na heagraíochtaí deiseanna obair ar dheachaighdeán atá chun tairbhe an phobail a sholáthar. Ba chóir d'eagraíochtaí a bhfuil socrúchán oibre beartaithe acu clárú leis an gcomhlacht forbartha áitiúil nó le hÚdarás na Gaeltachta ina gceantar. Iarrfar orthu togra a chur isteach ag déanamh cur síos ar an obair agus ar líon na rannpháirtithe a theastaíonn. Déanfar an comhlacht forbartha áitiúil nó Údarás na Gaeltachta measúnú agus cinneadh maidir leis an togra.
Costais
Go ginearálta, tá na heagraíochtaí pobail agus deonacha freagrach as na costais nach bhfuil clúdaithe ag Tús agus is gá dóibh ranníocaíocht a dhéanamh. I gcúinsí áirithe d'fhéadfadh sé go bhfuil roinnt maoiniú ar fáil ó chomhlacht forbartha áitiúil nó ó Údarás na Gaeltachta.
Conas iarratas a dhéanamh
Níl aon phróiseas iarratais do dhaoine dífhostaithe atá incháilithe don scéim seo. Roghnófar na rannpháirtithe féideartha agus déanfaidh a n-oifig leasa shóisialaigh áitiúil teagmháil leo.
Ba chóir d’eagraíochtaí pobail agus deonacha a bhfuil suim acu deiseanna socrúcháin oibre Tús a sholáthar clárú lena gcomhlacht forbartha áitiúla nó lena n-oifig Údarás na Gaeltachta.
Is féidir leat breis eolais mionsonraithe faoi Thús a fháil sa liosta seo de cheisteanna coitianta (pdf) ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.