Ráiteas Príobháideachais

Tá suíomh losingyourjob.ie á chothabháil ag Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gníomhaireacht reachtúil atá freagrach as seirbhísí faisnéise, comhairle agus tacaíochta a chur ar fáil don phobal in Éirinn. Tugann Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh aitheantas iomlán don cheart príobháideachta atá agat agus ní bhaileoidh sé aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh seo gan cead soiléir a fháil uait. Déileálfar leis an fhaisnéis phearsanta a thugann tú de réir na gcaighdeán slándála agus tostaobhachta is airde, ag cloí go dian leis na hAchtanna um Chosaint Shonraí, 1988-2003.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais tostaobhachta maidir leis an suíomh gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais tostaobhachta suíomh eile. Mínítear cuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.

Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn suíomh losingyourjob.ie aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a chuireann tusa isteach. (Mar shampla, má chuireann tú aiseolas chugainn nó má chuireann tú ceist orainn). Ní úsáidtear aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an mbealach seo ach le haghaidh na haidhme ar chuir tú ar fáil í.

Faisnéis a bhíonn á bailiú againn de ghnáth

Is féidir linn an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir den suíomh:

  • Faisnéis staitisticiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan an bhrabhsálaí, leathanaigh thadhlaithe srl.)
  • An seoladh ríomhphost ónar shroich tú sinn uaidh roimhe seo, agus aon téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú san áireamh
  • Faisnéis eile a cuireadh isteach i bhfoirmeacha, mar shampla má chuireann tú do shonraí pearsanta isteach agus tú ag iarraidh foirme nó ag cur aiseolais ar fáil

Conas a úsáidimid an fhaisnéis

Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil ach le haghaidh na haidhme ar cuireadh ar fáil í. Má iarrann tú foirm orainn, cuirfear na sonraí a thugann tú ar aghaidh chuig an Roinn nó gníomhaireacht atá freagrach. Is é Seirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh a láimhseálann aon cheisteanna a chuirtear isteach. Cuireann siad seirbhís eolais faoi rún ar fáil. Scriosfar do shonraí ón chóras i ndiaidh tréimhse áirithe ama. Ní úsáidtear aon fhaisnéis eile a bhailítear ach le hanailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide, le treoir a thabhairt dúinn maidir le feabhas a chur ar an suíomh.

Ní dhéanfaidh Faisnéis do Shaoránaigh iarracht cuairteoirí ar leith a aithint, ná na sonraí teicniúla a liostaítear thuas a cheangal le haon duine ar leith. Tá polasaí againn gan faisnéis theicniúil den sórt seo faoi chuairteoirí ar leith ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí mura bhfuil oibleagáid orainn faisnéis a nochtadh de réir dlí. Ní bhainfear úsáid as an fhaisnéis theicniúil ach ar mhaithe le haidhmeanna staitisticiúla agus aidhmeanna eile a bhaineann leis an riarachán.

Ba chóir duit a nótáil nach “sonraí pearsanta” iad mionsonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta ar leith le haghaidh aidhmeanna na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2003.

Faisnéis bhreise nó le hiarratas a dhéanamh

Má tá imní ort faoin mbealach a bpróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh aon leisce ort an imní seo a chur in iúl dúinn tríd an bpost ag:

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Teach Cé Sheoirse
Sráid Chnoc na Lobhar 
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 1 605 9000
Facs: +353 1 605 9099

Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin

An píosa bogearraí a úsáideann tú le leathanaigh ghréasáin a léamh, mar shampla Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP

Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta ghréasáin), a chuirtear in iúl i gcód “prótacal gréasáin” (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh sainiúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach ionann an seoladh i gcónaí gach uair a dhéantar ceangal.

Fianáin

Píosaí beaga faisnéise, a stóráiltear i gcomhad simplí téacs, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin na fianáin a léamh ar chuairteanna ina dhiaidh sin. B’fhéidir go mbainfeadh an fhaisnéis a stóráiltear ar fhianán leis na nósanna brabhsála a bhíonn agat ar an leathanach gréasáin, nó b’fhéidir go mbeadh uimhir shainiúil aitheantais ann ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort nuair a dhéanann tú athchuairt. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta ar fhianáin arbh fhéidir tú a aithint uathu, mura bhfuil faisnéis den sórt sin curtha ar fáil agat don suíomh gréasáin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25/1/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh