Nuair a iarrtar ort d'uaireanta oibre a laghdú

Eolas

Nuair atá cor chun donais i gcúrsaí gnó ag fostóir nó má tá laghdú ar am méid oibre atá ar fáil duit, d'fhéadfadh fostóir iarraidh ort laghdú pá a thógáil nó níos lú uaireanta a oibriú. Má deir d’fhostóir leat nach bhfuil sé nó sí ábalta leanúint le do chuid fostaíochta de réir do théarmaí agus coinníollacha reatha, caithfidh tú iarratas an fhostóra a bhreithniú go cúramach chomh maith le do chás féin. Ba chóir duit ceist a chur ar d’fhostóir maidir le sonraí na gníomhaíochta gnó laghdaithe, na daoine eile a iarratar orthu a gcuid uaireanta oibre a laghdú agus na critéir roghnaithe.

Laghdú ar uaireanta oibre nó pá

Má iarrann fostóir ort níos lú uaireanta a oibriú nó laghdú pá a thógáil, seo athrú ar théarmaí agus choinníollacha do chonartha fostaíochta. Caithfidh athrú ar bith ar do chonradh fostaíochta a bheith aontaithe idir tú féin agus an fostóir. Nuair atá cinneadh á dhéanamh agat aontú nó easaontú leis na huaireanta nó pá laghdaithe, tá roinnt saincheisteanna le breithniú:

  • Laghdú pá - cad iad na himpleachtaí a bheidh i gceist - mar shampla, airgead agus cáin agus cíos nó morgáiste a íoc
  • Sceidealú uaireanta oibre - d'fhéadfadh laghdú uaireanta oiriúint duit féin nó do theaghlach, mar shampla lá níos lú a oibriú in aghaidh na seachtaine nó 2 uair níos lú gach lá.
  • Cor chun donais i gcúrsaí gnó - cén rogha atá agat. Mura nglacann tú le huaireanta oibre nó pá laghdaithe, b'fhéidir go gcinnfeadh d’fostóir tú a dhéanamh iomarcach.

Ba chóir duit ceist a chur ar d’fhostóír chun sonraí scríofa den athrú molta ar do chonartha fostaíochta, dáta athbhreithniúcháin san áireamh. Ba chóir duit freagra scríofa a thabhairt agus, má molann tú leis an athrú a glacadh, caithfidh tú cur i bhfios go láidir go mbeadh do ghlacadh sealadach. Nuair a mbeadh an athrú ar do chonartha fostaíochta athbhreithnithe ag an dáta sin, is féidir iarratas a dhéanamh chun fill ar do bunthéarmaí agus coinníollacha.

Mura n-aontaíonn tú le huaireanta oibre nó pá laghdaithe

Má bheartaíonn fostóir do chuid uaireanta oibre nó pá a laghdú, seo athrú ar do théarmaí agus coinníollacha fostaíochta. D'fhéadfá aontú leis an laghdú ar na cúiseanna thíosluaite. Mura n-aontaíonn tú leis an laghdú agus más mian leat leanúint ag obair mar roimhe sin, b'fhéidir go gcinnfeadh d’fostóir tú a dhéanamh iomarcach. Má tá tú dífhostaithe ó do chuid fostaíochta, d'fhéadfá bheith incháilithe chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh. Ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir le d’fhostóir cúis iomarcaíochta dhílis agus nósanna imeachta maithe a thabhairt leis. Má d’áitíonn d'fhostóir uaireanta oibre nó pá a laghdú b'fhéidir nach bhfuil rogha agat ach éirí as agus éileamh a dhéanamh ar dífhostú inchiallaithe toisc go bhfuil téarmaí an chonartha sáraithe ag an bhfostóir. Roimh a leithéidí a dhéanamh, ba chóir duit comhairle dlí mhionsonraithe a lorg i gcónaí mar bíonn sé deacair dífhostú inchiallaithe a chruthú go minic

Leagan as nó obair ghearr-ama

Nó féadfaidh an fostóir tú a leagan as nó a chur ar obair ghearr-ama ar feadh roinnt seachtainí. Tarlaíonn leagan as nuair nach bhfuil fostóir ábalta go sealadach obair a sholáthar duit. Tarlaíonn obair ghearr-ama nuair a bhíonn do phá nó uaireanta níos lú ná leath an gnáthmhéid sheachtainiúil - toisc laghdú ar an méid oibre atá le déanamh. Is cásanna sealadacha gur chóir a bheith i gceist sa dhá chás, agus ba chóir don fhostóir fógra a thabhairt duit roimh an dáta tosaithe, go hidéalach ar RP9 (pdf) Is féidir le fostóir tú a leagan as nó a chur ar ghearr-am má tá a leithéidí sonraithe i do chonradh fostaíochta nó más nósmhaireacht agus cleachtas atá san ionad oibre. Seachas sin, níor chóir don fhostóir tú a leagan as nó a chur ar ghearr-am gan chomhaontú uait. Mar sin féin, d'fhéadfaí tú a dhéanamh iomarcach mura n-aontaíonn tú lena leithéidí.

Iomarcaíocht a éileamh: Má leanann cás leagain as nó gearr-ama ar feadh 4 seachtaine nó níos mó, nó ar feadh 6 seachtaine den 13 seachtain dheiridh, is féidir leat íocaíocht iomarcaíochta a éileamh. Má dhéanann tú iomarcaíocht a éileamh ar an mbealach seo, breithneofar gur fhág tú do phost go deonach agus caillfear aon cheart atá agat ar fhógra nó ar phá in áit fógra fostóra dá réir. Mar sin féin, má dhéantar tú a leagan as agus go ndéanann fostóir iomarcach tú ina dhiaidh sin, ní chaillfear do theidlíochtaí fógra.

Fad an leagain as nó gearr-ama: Murar mian leat iomarcaíocht a éileamh ach go leanann an cás leagain as nó gearr-ama, tagann ceist aníos an cás sealadach atá i gceist ar chor ar bith. Más léir nach cás sealadach atá i gceist níos mó, is iomarcaíocht atá i gceist leis an gcás seachas leagan as nó obair ghearr-ama. Is é/í an fostóir a chinneann i dtosach cibé an bhfuil nó nach bhfuil cás iomarcaíochta i gceist. Má tá díospóid faoina leithéidí, ba chóir an cheist a atreorú chuig an Binse Achomhairc Fostaíochta chun cinneadh a dhéanamh.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má tá do uaireanta oibre laghdaithe agus a bhíonn tú dífhostaithe ar a laghad 3 lá de thréimhse 6 lá leanúnach, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht cuardaitheora poist a fháil.

Caithfidh tú dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith agat agus do fhostaíocht a bheith caillte agat in aon tréimhse 6 lá leanúnach chun bheith cáilithe Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Ciallaionn sé go caithfidh tú aon lá fostaíochta amháin a bheith caillte agat agus de bhrí sin a bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá. Caithfidh do phá a bheith laghdaithe mar gheall an fhostaíocht caillte.

Má laghdaíonn d’fhostóir do laethanta oibre go 3 lá sa seachtain nó níos lú agus mura gcáilíonn tú do Shocar Cuardaitheora Point, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil do na laethanta eile. Caithfidh tú na coinníollacha eile maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist a chomhlánú, mar shampla, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh.

Má tá d’ioncam oibre laghdaithe agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d’fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil.

Iomarcaíocht agus obair mhalartach

Seachas do chuid uaireanta a laghdú, caithfidh an fostóir tú a dhéanamh iomarcach agus obair mhalartach a thairiscint duit faoi chonradh fostaíochta nua. Mar sin féin, d'fhéadfadh a leithéidí tionchar a bheith aige ar do theidlíocht ar íocaíocht iomarcaíochta.

Má dhéanann fostóir tairiscint réasúnta duit ar obair mhalartach, agus má dhiúltaíonn tú, d'fhéadfá do theidlíocht aríocaíocht iomarcaíochta a chailliúint. Go ginearálta, ní mheastar go bhfuil obair mhalartach réasúnta más cailliúint stádais nó téarmaí agus coinníollacha fostaíochta níos measa atá i gceist duit.

Is féidir leat obair mhalartach a thosú ar bhonn trialach ar feadh tréimhse suas le 4 seachtaine. Nuair a bhaineann laghdú 50% nó níos mó ar uaireanta oibre nó pá le hobair mhalartach, ní áireofar obair faoi shocruithe nua suas le 52 seachtain mar ghlacacht.

Má ghlacann tú le tairiscint i scríbhinn ón bhfostóir ar chonradh nua agus difriúil, a thiocfaidh i bhfeidhm laistigh de 4 sheachtain ó dheireadh an chonartha roimhe sin, ní bheidh tú i dteideal iomarcaíocht a éileamh. Ar an mbealach céanna, má dhiúltaíonn tú tairiscint go míréasúnta, caillfidh tú do cheart ar íocaíocht iomarcaíochta.

Íocaíocht iomarcaíochta

Má rinneadh tú iomarcach laistigh de bhliain amháin ón am a cuireadh ar uaireanta nó pá laghdaithe tú, bheadh d’íocaíocht iomarcaíochta bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán. Má dhéantar iomarcach tú tar éis duit uaireanta laghdaithe a oibriú do thréimhse níos mó ná bliain amháin, beidh an dóigh a dhéantar d’íocaíocht a ríomh ag brath ar cé acu ar ghlac tú nó nár ghlac tú le huaireanta laghdaithe. Más rud é gur ghlac tú go hiomlán le huaireanta oibre laghdaithe mar do sheachtain normálta agus níor iarr tú filleadh go hobair lánaimseartha, mar sin beidh d’íocaíocht bunaithe ar do phá comhlán le haghaidh na n-uaireanta laghdaithe. Más rud é, ar an taobh eile de, nár ghlac tú riamh leis na huaireanta oibre laghdaithe mar chuid de d’uaireanta normálta agus gur iarr tú ar bhonn leanúnach le bheith curtha ar ais ar obair lánaimseartha, beidh d’íocaíocht bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán. Má bhíonn conspóid agat le d’fhostóir faoi seo is féidir leat éileamh a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bheartaíonn d'fhostóir na huaireanta oibre atá agat a laghdú, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta chun eolas a fháil faoi chearta fostaíochta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'Ionad Faisnéise áitiúil do Shaoránaigh chun eolas a fháil faoi do chearta agus teidlíochtaí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Seirbhísí Eolais
Tithe an Rialtais
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
ÉIRE
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go dtí 5in
Teil: (059) 917 8990
Glao áitiúil: 1890 80 80 90
Leathanach baile: http://www.employmentrights.ie
Ríomhphost: info@employmentrights.ie

Last Updated: 21/5/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh