Conradh fostaíochta

Eolas

Tá conradh fostaíochta ag duine fiú i ngan fhios dó/dí féin nuair atá sé/sí ag obair do fhostóir ar phá nó tuarastal rialta, is cuma má tá sé i scríbhinn nó nach bhfuil. Oibríonn formhór fhostaithe ar chonarthaí oibre neamhiata. Sé sin, maireann an conradh go dtí go gcuireann an fostóir nó an fostaí deireadh leis. Oibríonn go leor fostaithe eile, áfach, ar chonarthaí atá ar théarma seasta nó sainchuspóra. Ciallaíonn an téarma, conarthaí ar théarma seasta nó sainchuspóra, go gcríochnaíonn conradh an fhostaí ar dháta áirithe, nó go gcríochnaíonn sé nuair atá tasc áirithe déanta.

Beidh na nithe seo a leanas nó cuid de na nithe sa chonradh (is cuma má tá siad luaite nó nach bhfuil siad luaite ag an bhfostóir agus ag an bhfostaí):

  • Na téarmaí atá leagtha síos ag an gcúirt do gach conradh fostaíochta. Na samplaí atá san áireamh ná an dualgas atá ar gach fhostóir, áit oibre sábhailte a sholáthar agus an dualgas atá ar gach fostaí a phost a chomhlíonadh de réir an chumais is fearr atá aige/aici. Tugtar an " Dlí Comhchoiteann " go hiondúil ar an dlí seo.
  • Téarmaí nach mór a bheith mar pháirt den chonradh de bharr reachtaíochta atá rithe tríd an Dáil. San áireamh tá an ceart saoire máithreachais a thógáil. Tá na téarmaí seo mar pháirt den chonradh fiú amháin muna luann an fostóir agus an fostaí iad agus tógann siad áit aon chomhaontaithe idir an fhostóir agus an fostaí gan dlí áirithe a chur i bhfeidhm. Da bharr sin sáraíonn an ceart reachtúil saoire máithreachais a thógáil aon chomhaontú a dhéanann an fostóir leis an fhostaí nach dtógfaidh an fostaí saoire máthaireachais.
  • Na téarmaí atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann nach mór a bheith i ngach conradh, mar shampla, ceart an fhostaí a bheith mar bhall do cheardchumann.
  • Comhaontaithe Comhchoitianta
  • Rialacháin an Chomhchoiste Oibreachais
  • Dlíthe an Chomhphobail Eorpaigh

San áireamh is féidir le nós agus cleachtadh a bheith mar pháirt den chonradh in áit oibre. Sampla de seo ná ráta pá faoi leith ar ragobair do fhostaithe.

Rialacha

Forálann an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001 go gcaithfidh fostóir ráiteas scríofa faoi théarmaí fostaíochta a thabhairt do fhostaí taobh istigh de dhá mhí ó thús na fostaíochta.

Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith mar chuid den ráiteas faoi théarmaí:

  • Ainm iomlán an fhostóra agus an fhostaí
  • Seoladh an fhostóra
  • An áit oibre
  • Teideal an phoist nó an cineál fostaíochta
  • Dáta a thosaigh an fhostaíocht
  • Más conradh fostaíochta sealadach atá i gceist an tréimhse ama atáthar ag súil go mairfidh an conradh, nó más conradh le haghaidh tréimhse seasta atá i gceist, an dáta a bheidh an conradh istigh,
  • An ráta pá nó an chaoi a ríomhtar pá
  • An tréimhse thagartha pá de réir an Achta um Íosphá Náisiúnta 2000
  • *Tréimhsí pá
  • *Téarmaí a bhaineann le huaireanta oibre (eolas faoi ragobair agus teideal do thréimhsí sosa agus scíthe de réir an Acht um Eagrú Ama Oibre san áireamh)
  • *Téarmaí a bhaineann le saoire íoctha (seachas saoire tinnis)
  • *Téarmaí a bhaineann le saoire breoiteachta/gortaithe agus pá breoiteachta agus pinsin agus scéimeanna pinsin
  • *Fógra scoir atá dlite don fhostaí agus a chaithfidh an fostaí a thabhairt
  • *Tagairt do Chomhaontaithe comhchoiteann ar bith a chuireann isteach ar théarmaí fostaíochta an fhostaithe.

* I gcás na sonraí seo thuas, d’fhéadfadh an fostóir, mar rogha ar na sonraí ar fad sa ráiteas a sholáthar, úsáid a bhaint as an ráiteas chun an fostaí a chur ar aghaidh chuig cáipéisí áirithe eile a bhfuil na sonraí sin iontu. Ní mór na cáipéisí sin a bheith ar fáil go réasúnta éasca ag an bhfostaí ina f(h)ostaíocht.

Ní mór don ráiteas an tréimhse thagartha atá in úsáid ag an bhfostóir chun teidil an fostaithe de réir an Acht um Íosphá Náisiúnta a ríomh a lua. (Faoin Acht sin is féidir leis an bhfostóir íosphá an fhostaithe a ríomh thar thréimhse thagartha nach bhfuil níos lú ná seachtain amháin agus níos faide ná mí amháin).

Ní mór don ráiteas faoi théarmaí an fostaí a chur ar an eolas go bhfuil an ceart aige/aici ráiteas scríofa ar a m(h)eánphá in aghaidh na huaire i dtaobh tréimhse thagartha ar bith (seachas an tréimhse reatha) sna 12 mhí roimh dáta an iarratais, a iarraidh ar an bhfostóir.

Nósanna imeachta araíonachta agus casaoide

Tá cód cleachtais foilsithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais a shonraíonn gur chóir nósanna imeachta casaoide agus araíonachta a bheith ag fostóirí agus gur chóir dóibh cóipeanna díobh seo a thabhairt d'fhostaithe ag tús a gcuid fostaíochta. Is féidir leat an Cód Cleachtais: Nósanna Imeachta Casaoide agus Araíonachta a íoslódáil anseo. Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007 tá dualgas ar fhostóirí fógra scríofa de na nósanna imeachta a leanfar a thabhairt d'fhostaí sula ndíbrítear fostaí óna p(h)ost. Caithfear é seo a dhéanamh laistigh de 28 lá ó chonradh fostaíochta a dhéanamh.

Forálacha sainiúla i gconarthaí fostaíochta

Tá roinnt fostóirí ag cur forálacha sainiúla le conarthaí fostaíochta a chuireann srian le cumas fostaithe oibriú in earnálacha nó le soláthraithe faoi leith, nó le cliaint áirithe ar feadh tréimhse ó chuirtear deireadh lena bhfostaíocht. (D'fhéadfadh sé a rá mar shampla nach bhféadfadh an fostaí oibriú in earnáil faoi leith, nó le soláthraithe nó le cliaint an iarfhostóra, srl.) Níl aon rud i ndlí fostaíochta na hÉireann a choisceann é seo ach níl aon fhoráil sa dlí a cheadaíonn é ach oiread.
Is éard atá anseo go bunúsach ná ceist dlí conarthaí - is é sin le rá, conradh fostaíochta sínithe agus comhaontaithe idir an fostóir agus an fostaí. Moltar duit go tréan comhairle dlí a fháil ó ghairmí inniúil sula síníonn tú conradh den sórt seo má tá imní ar bith ort faoin scéal. Féadfaidh tú comhairle dlí a fháil fiú má tá an conradh sínithe agat. Is minic a bhíonn an-difríocht ann idir na táillí a éilíonn aturnaetha éagsúla in Éirinn agus moltar duit roinnt siopadóireachta a dhéanamh agus luachanna maidir le comhairle dlí a fháil ar dtús.

Tréimhse tástála

Is féidir le tréimhse tástála a bheith san áireamh sa chonradh agus is féidir síneadh ama a chur leí. Ní fheidhmíonn na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach do dhífhostú fostaithe i rith tréimhse ag tús na fostaíochta nuair atá sé/sí faoi thástáil nó faoi oiliúnt má:

  • tá an conradh fostaíochta i scríbhinn
  • is tréimhse bliana nó níos lú í an tréimhse tástála nó oiliúna agus í luaite sa chonradh.

Níl feidhm ag an eisiamh thuas ó na hAchtanna má bhaineann an dífhostú le ballraíocht ceardchumainn nó gníomhaíocht ceardchumainn, nithe a bhaineann le bheith torrach nó cearta faoi na hAchtanna a bhaineann le cosaint mháithreachais, saoire do thuismitheoirí, saoire uchtaíoch, nó saoire cúramóra.

Athruithe ar do chonradh fostaíochta

Féadann athruithe ar do chonradh fostaíochta a tharlú in Éirinn mar gheall ar athrú dlí, ach lasmuigh de sin, ní féidir aon athrú a dhéanamh gan comhaontú idir tú féin agus d’fhostóir. Ní féidir le ceachtar páirtí an conradh a athrú go haontaobhach.

Conas iarratas a dhéanamh

Má theipeann ar an fhostóir sonraí scríofa a thabhairt duit ar do chonradh fostaíochta, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Cearta ar fhoirm iarratais (pdf). Caithfidh tú an gearán a dhéanamh nuair atá tú fostaithe nó taobh istigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a d'fhág tú an fhostaíocht.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Dept.:
Seirbhísí Faisnéise
Line 1:
Oifigí an Rialtais
Line 3:
Bóthar Uí Bhriain
County:
Ceatharlach
Country:
ÉIRE
Opening Hours:
Luan go hAoine 9.30am go 5pm
Teil:
(059) 917 8990
Lóghlao:
1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin:
http://www.employmentrights.ie
R-phost:
info@employmentrights.ie
Wheelchair Access:

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

Line 1:
An Coimisiún Um Chaidreamh Oibreachais
Line 2:
Teach Thomáis Mac Sheáin
Line 3:
Bóthar Haddington
County:
Baile Átha Cliath 4
Country:
ÉIRE
Teil:
+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:
1890 220 227
Fax:
+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin:
http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost:
rightscomm@lrc.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28/8/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh