Cur i bhfeidhm do chearta fostaíochta

Eolas

Faoin dlí fostaíochta tá cearta áirithe ag daoine ag obair in Éirinn ar nós íosráta pá agus saoire bhliantúil. Mura bhfuil do chearta nó teidlíochtaí á dtabhairt duit nó má chailleann tú do phost nó má cheapann tú gur dífhostaíodh tú go héagórach, tá eagraíochtaí éagsúla ann le cabhrú leat chun do chearta a chur i bhfeidhm. I measc na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm tá an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta, an Binse Achomhairc Fhostaíochta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an tSeirbhís Choimisinéir um Chearta, an Binse Comhionannais agus an Chúirt Oibreachais.

Athchóiriú chun cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm

D'fhógair an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta moltaí maidir le 5 eagraíocht a chuireann cearta fostaíochta i bhfeidhm a athchóiriú. Cuimsíonn na moltaí struchtúr comhtháite dhá leibhéal nua agus pointe iontrála aonair in ionad na heagraíochtaí seo. Tá sé beartaithe ag an Aire an pointe iontrála agus láithreán gréasáin chomhroinnte a thabhairt isteach roimh dheireadh 2011.

Comhlíonadh an dlí fostaíochta

Mar chuid den Chomhaontú Comhpháirtíochta Náisiúnta i d Treo 2016, bunaíodh oifig reachtúil nua, an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (UNCF) sa bhliain 2007 - féach anseo thíos. Méadítear an líon cigirí UNCF) faoi trí agus tugfar an chumhacht di plé le comhlíonadh cearta fostaíochta leis An Roinn Coimirce Sóisialaí agus na Coimisinéirí Ioncaim i gComhaonaid Fiosrúcháin.

Bhí an Bille Um Chomhlíonadh An Dlí Fostaíochta 2008 (pdf) ann. Bhí molta na Bille mar a leanas:

  • Bhunú UNCF ar bhonn reachtúil
  • Neartú cumhachtaí UNCF chun chigireacht agus cur i bhfeidhm a dhéanamh, agus chun chionta achomair a ionchúiseamh
  • Bheith cigire UNCF gafa le cur i bhfeidhm reachtaíocht ceadanna fostaíochta agus do neartú an reachtaíocht sin maidir le taifid agus dualgais eile do fhostóír
  • Fostaithe a chur sáraithe reachtaíochta fostaíochta le fios a chosaint agus iad a chosaint ar phionós nuair éilionn siad a gcearta fostaíochta
  • Mhéadú na bpionós mar gheall ar chionta faoin reachtaíocht fostaíochta: suas le €5,000 agus/nó príosúnacht ar feadh 12 mhí agus suas le €250,000 agus/nó príosúnacht ar feadh 3 bhliain

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

I Feabhra 2007 bhunaigh an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA) go sealadach le linn reachtaíocht um chomhlíonadh cearta fostaíochta a thabhairt isteach. Bhí an Chigireacht Oibreachais, an tAonad Faisnéise Cearta Fostaíochta agus na rannóga forfheidhmithe agus ionchúiseamh de chuid na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta (an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta anois) aistrithe chuig NERA.

Seirbhísí Faisnéise UNCF (an tAonad Faisnéise Cearta Fostaíochta roimhe sin):Soláthraíonn siad faisnéis faoi chearta agus teidlíochtaí faoi reachtaíocht fostaíochta seachas comhionannas fostaíochta. Tá réimse foilseachán maidir le cearta fostaíochta curtha ar fáil acu ina bhfuil faisnéis i dteangacha eile.

Seirbhísí Chigireachta UNCF (an Chigireacht Saothair roimhe sin): Tá siad freagrach as dlithe áirithe fostaíochta agus Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta chur i bhfeidhm. Tugann sé faoi chigireacht agus bailíonn sé faisnéis a bhaineann le dlithe fostaíochta eile. Mar shampla, féadann fostaithe nó páirtithe leasmhara cigireacht a iarraidh maidir le cosaint daoine óga i bhfostaíocht.

Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúiseamh UNCF (rannóga na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta roimhe sin): Tá ról comhlíonta agus forfheidhmithe um cearta fostaíochta acu.

Binse Achomhairc Fhostaíochta

Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fhostaíochta a éisteann réimse leathan aighneas ag baint le cearta fostaíochta. Ag brath ar an reachtaíocht, éisteann sé éilimh nó achomhairc. Uaireanta, tugtar éileamh díreach chuig an mBinse – féach conas iarratas a dhéanamh thíos. I gcásanna eile ní éisteann sé ach achomhairc i gcoinne socruithe nó moltaí a rinne Coimisinéir um Chearta.

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Cuireann an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais feabhsú i gcaidrimh thionsclaíocha chun cinn agus cuireann sé comhairle ar fáil ar an ábhar céanna. Déanann sé é sin trí réimse leathan seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do cheardchumainn lena n-áirítear an tSeirbhís Idir-Réitigh, an tSeirbhís Chomhairleach, an tSeirbhís Choimisnéir um Chearta agus an tSeirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

Is oifigeach neamhspleách é an Coimisinéir um Chearta de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, a éisteann éilimh cearta fostaíochta a dhéantar ar bhonn aonair. Déanann an Coimisinéir um Chearta iarracht teacht ar shocrú leis an dá pháirtí agus déanann sé cinneadh mura socraítear an t- aighneas. I gcásanna áirithe, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta, i gcásanna eile chuig an gCúirt Oibreachais.

Binse Comhionannais

Déanann an Binse Comhionannis fiosrú nó idirghabháil ar ghearáin leatroim i bhfostaíocht lena n-áirítear oiliúint agus rochtain chun fostaíochta. Faoi na hAchtanna um Chomhionannais Fostaíochta 1998-2008 tá sé in aghaidh an dlí leatrom a fheidhmiú i gcoinne duine mar gheall ar inscne, stádas sibhialta, creideamh, claonadh gnéis, aois, míchumas, cine nó a bheith mar bhall den Lucht Siúil.

An Chúirt Oibreachais

Féadann an Chúirt Oibreachais fiosrúchán a dhéanamh ar aighneas tionsclaíoch i gcásanna áirithe. Is féidir achomharc a thabhairt chuici i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta nó an Binse Comhionannais.

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

I measc freagrachtaí na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tá cur chun cinn fostaíochta agus cosaint fostaithe. Pléann an Roinn le híocaíochtaí iomarcaíocha agus ceadanna fhostaíochta chomh maith.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá gearán agat maidir le teidlíochtaí ar nós saoire bhliantúil, laethanta saoire poibl í, uaireanta oibre, saoire mháithreachais, saoire chúramóra, saoire altramais, saoire tuismitheora, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an Seirbhís Choimisinéir um Chearta. Is féidir leat an fhoirm ghearáin a íoslódáil anseo

Má tá dífhostú éagórach á héileamh agat ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís an Choimisinéara um Chearta má aontaíonn tú agus d'fhostóir. Má dhéanann aon duine agaibh gearán maidir le coimisinéir um chearta ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta.

Má tá aighneas faoi iomarcaíocht nó mura dtugtar an fógra íosta riachtanach duit is féidir leat achomharc a thabhairt chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta

Má tá gearán agat maidir le leatrom sa bhfostaíocht ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Comhionannais ar fhoirm EE.1

Más mian leat tuilleadh eolais faoi dlí agus chearta fostaíochta, déan teagmháil leis an seirbhís faisnéise UNCF.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2/9/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh