Forbhreathnú: uaireanta nó pá laghdaithe
Nuair atá cor chun donais i gcúrsaí gnó ag fostóir nó má tá laghdú ar an méid oibre atá ar fáil duit, d'fhéadfadh fostóir iarraidh ort laghdú pá a thógáil nó níos lú uaireanta a oibriú. Má deir d’fhostóir leat nach bhfuil sé nó sí ábalta leanúint le do chuid fostaíochta de réir do théarmaí agus coinníollacha reatha, caithfidh tú iarratas an fhostóra a bhreithniú go cúramach chomh maith le do chás féin.
Laghdú ar uaireanta oibre
Má iarrann fostóir ort níos lú uaireanta a oibriú nó laghdú pá a thógáil, seo athrú ar théarmaí agus coinníollacha do chonradh fostaíochta. Caithfidh athrú ar bith ar do chonradh fostaíochta a bheith aontaithe idir tú féin agus an fostóir. D'fhéadfá aontú leis an laghdú. Mura n-aontaíonn tú leis an laghdú, b'fhéidir nach bhfuil rogha ar bith ag an bhfostóir ach tú a dhéanamh iomarcach toisc nach bhfuil dóthain oibre ann duit nó
Ó 1 Feabhra 2011 tá an íosráta pá náisiúnta €7.65 san uair a chloig. Bhí sé €8.65 san uair a chloig roimhe sin. I roinnt cásanna leagann conradh fostaíochta nó téarmaí fostaíochta go n-íoctar fostaí "ag Íosráta Pá Náisiúnta san am". Sa chás seo, is féidir fostóir pá an fhostaí a laghdú de réir íosrátaí pá náisiúnta. I gcásanna eile d'fhéadfadh foráil sa chonradh a bheith ann a gceadaíonn laghdú phá.
Murar é sin an cás, agus íoctar leat an íosráta pá náisiúnta €8.65, ní féidir le d'fhostóir é a laghdú gan do chomhaontú mar athróidh sé na téarmaí do chonradh fhostaíochta.
Leagan as nó obair ghearr-ama
Nó féadfaidh an fostóir tú a leagan as nó a chur ar ghearr-am ar feadh roinnt seachtainí. Tarlaíonn leagan as nuair nach bhfuil fostóir ábalta obair a sholáthar duit. Tarlaíonn cás gearr-ama nuair a bhíonn do phá nó uaireanta níos lú ná leath an gnáthmhéid sheachtainiúil - toisc laghdú ar an méid oibre atá le déanamh. Is cásanna sealadacha gur chóir a bheith i gceist sa dhá chás, agus ba chóir don fostóir fógra a thabhairt duit roimh an dáta tosaithe.
Má leanann cás leagainasnó gearr-ama ar feadh 4 seachtaine nó níos mó, nó ar feadh 6 seachtaine den 13 seachtain dheiridh, is féidir leat iomarcaíocht a éileamh. Murar mian leat iomarcaíocht a éileamh ach go leanann an cás leagain as nó gearr-ama, tagann ceist aníos an cás sealadach atá i gceist ar chor ar bith. Má tá díospóid faoina leithéidí, ba chóir an cheist a atreorú chuig an Binse Achomhairc Fostaíochta (Do chearta fostaíochta a fhorghníomhú) chun cinneadh a dhéanamh.
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh ó thaobh uaireanta oibre nó pá laghdaithe
Má tá do uaireanta oibre nó pá laghdaithe agus a bhíonn tú dífhostaithe ar a laghad 3 lá de thréimhse 6 lá leanúnach, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá d’ioncam oibre laghdaithe agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d’fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.